Réabhlóidí i litríocht na Gaeilge ba ea Pádraic Ó Conaire. Is deacair dúinn anois a shamhlú chomh mór is chomh bunúsach is a bhí an réabhlóid a chuir sé ar bun. Nuair a bhí daoine eile ag áiteamh go gcaithfí an litríocht nua a bhunú ar a raibh ann cheana, nó ar an seansaol, nó ar fhoirmeacha an bhéaloidis, chuir sé go tréan ina gcoinne. Rinne sé an beart. Scríobh sé scéalta a bhain le saol a linne, agus an té a scríobhann scéalta a bhaineann le saol a linne, scríobhann sé scéalta a léifear go deo. Ní hé an tÉireannach, ná an Gael, ná an fear nó an bhean as Conamara is cás leis, ach an duine féin. Is fíor go bhfuil gach locht dá raibh riamh ar scéalaí ar Phádraic Ó Conaire. Ach sáraíonn sé an uile cheann díobh. Éiríonn leis mar tá beatha agus faghairt ina chuid scéalta, tá draíocht iontu nach gcaithfidh na blianta. Cruthaíonn sé saol ina bhfuil an duine féin botúnach agus leochaileach agus amaideach, agus cé a déarfadh nach é sin an saol fírinneach ar fad? Is maith mar a ainmníodh Scothscéalta, mar is scoth na scéalta iad
This site is safe
You are at a security, SSL-enabled, site. All our eBooks sources are constantly verified.