Aistriúchán gleoite le hAntain Mac Lochlainn ar shaothar cáiliúil C.S. Lewis.
Cuirtear ceathrar páistí amach as Londain le linn an Dara Cogadh Domhanda chun éalú ó na buamaí atá ag titim ar an chathair. Cuirtear go teach seanduine iad i lár na tuaithe. Nuair a osclaíonn Lucy, an duine is óige acu, an prios éadaigh, tagann na páistí ar dhomhan iontach a bhfuil draíocht agus eachtraí i ndán dóibh ann.
Ba é seo an chéad leabhar a scríobh Lewis sa tsraith mar gheall ar Nairnia, an domhan sin lán draíochta.